Lecture on Gaeltacht civil rights


Tá Cumann Seandálaíochta agus Staire na Gaillimhe ag eagrú léachta poiblí speisialta do Sheachtain na Gaeilge.
Is é ábhar na léachta nó ‘Stair na bhFeachtas ar son Cearta Sibhialta sa Ghaeltacht’, agus is é Donncha Ó hÉallaithe an cainteoir.
Beidh an léacht ar siúl san Harbour Hotel, Cathair na Gaillimhe, ag 8 i.n. Dé Luain, 16ú Márta.
Is as Tiobraid Árann ó dhúchas é Donncha Ó hÉallaithe, ach tá cónaí air le ós cionn 50 bliain i gCois Fharraige, Conamara.
Chaith sé blianta ag múineadh Matamaite sa GMIT. Bhí baint aige sna 1970aí le Gluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta agus leis an bhfeachtas chun Údarás na Gaeltachta a fháil bunaithe.
Ina dhiaidh sin, bhí sé ar dhuine den mheitheal, faoi stiúr Bob Quinn, a chuir Teilifís na Gaeltachta ar an aer, ag craoladh go bradach ó Ros Muc i 1987, as a d’eascair TnaG/ TG4 i 1996.
Is iomaí alt staire atá scríofa ag Donncha thar na blianta.
Chomh maith le sin, tá altanna anailíse scríofa aige faoin meath atá ag teacht ar an nGaeilge mar theanga bheo phobail, bunaithe ar na torthaí daonáireamh faoi usáid na Gaeilge ar bhonn laethúil sna pobail Ghaeltachta.
Na laethanta seo, tá Donncha gafa leis an bhfeachtas tithíochta, BÁNÚ, atá ag stocaireacht ar na húdaráis éagsúla le go gcuirfear feabhas ar an soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sagcuid bheag den Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge á úsáid mar theanga phobail.
Tá a léacht saor in aisce agus Beidh fáilte roimh chách.
Next Monday night’s lecture on ‘Stair na bhFeachtas ar son Cearta Sibhialta sa Ghaeltacht’ from community activist and retired maths lecturer Donncha Ó hÉallaithe is in the city’s Harbour Hotel.
Starting at 8pm, it’s free and all are welcome.

